Buíochas

Lainseáladh an suíomh seo ar dtús sa bhliain 2018 mar bhall d'obair thaighde maoinithe ag Ollscoil na hÉireann, Gaillimh (OÉ Gaillimh) trí bhíthin clár na nEalaíon agus na nDaonnachtaí digiteacha. Tá sé ostáilte ag an Ionad Anailísíochta Sonraí Insight.

Cheadaigh Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath téacs digiteach gluaiseanna Würzburg a fhoilsiú mar atá síad sa leabhar Thesaurus Palaeohibernicus sa bhliain 2017. Rinneadh an digitiú le cuidiú Brendan Duffy i leabharlann OÉ Gaillimh.

Is é Adrian Ó Dubhghaill a rinne an suíomh seo agus a bhunachar sonraí, chomh maith le léamh profaí téacs dhigitigh na ngluaiseanna. Seol ceisteanna, aiseolas nó leasaithe chuig a.doyle35@nuigalway.ie le do thoil.